BAILII is celebrating 24 years of free online access to the law! Would you consider making a contribution?

No donation is too small. If every visitor before 31 December gives just £1, it will have a significant impact on BAILII's ability to continue providing free access to the law.
Thank you very much for your support!



BAILII [Home] [Databases] [World Law] [Multidatabase Search] [Help] [Feedback]

Irish Statutory Instruments


You are here: BAILII >> Databases >> Irish Statutory Instruments >> Rialacháin na dTithe (Gaeltacht) (Generálta), S.I. No. 43/1931
URL: http://www.bailii.org/ie/legis/num_reg/1931/0043.html

[New search] [Help]


S.I. No. 43/1931 -- Rialacháin na dTithe (Gaeltacht) (Generálta), 1931.

S.I. No. 43/1931 -- Rialacháin na dTithe (Gaeltacht) (Generálta), 1931. 1931 43

No. 43/1931:

RIALACHÁIN NA dTITHE (GAELTACHT) (GENERÁLTA), 1931.

RIALACHÁIN NA dTITHE (GAELTACHT) (GENERÁLTA), 1931.

DE BHRI go n-achtuítear le fo-alt (1) d'alt 16 d' Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 (Uimh. 41 de 1929) go bhféadfaidh an tAire Tailte agus Iascaigh le rialacháin a déanfar fén Acht san le toiliú an Aire Airgid gach ní no éinní de sna nithe a luaidhtear ansan d'ordú.

ANOIS, deinim-se, Fionán Ó Loingsigh, an tAire Tailte agus Iascaigh, le toiliú an Aire Airgid, i bhfeidhmiú na gcomhacht a bronntar orm le halt 16 d' Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 (Uimh. 41 de 1929) agus i bhfeidhmiú gach comhachta no aon chomhachta eile le n-a gcuirtear so ar mo chumas, deinim leis seo na rialacháin seo leanas, sé sin le rá:—

1. Féadfar, chun gach críche, Rialacháin na dTithe (Gaeltacht) (Generálta), 1931, do ghairm de sna Rialacháin seo.

2. Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1923 (Uimh. 46 de 1923), le léiriú na Rialachán so fé mar bhaineann sé le léiriú Achta den Oireachtas.

3. Sna Rialacháin seo:—

cialluíonn an abairt "an tAcht" Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 (Uimh. 41 de 1929),

cialluíonn an abairt "an tAire" an tAire Tailte agus Iascaigh,

cialluíonn an focal "riail-phlean" riail-phlean a thabharfaidh

an tAire amach fé sna Rialacháin seo,

cialluíonn an focal "riail-áireamhachtaí" riail-áireamhachtaí thabharfaidh an tAire amach fé sna Rialacháin seo,

cialluíonn an focal "cigire" oifigeach d'aon Aire no Roinn Rialtais údaróidh an tAire i scríbhinn chun na gcomhacht d'fheidhmiú agus na ndualgas do chólíona a bronntar agus a forchuirtear ar chigire leis na Rialacháin seo,

cialluíonn an abairt "na Coimisinéiri" Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Eirinn.

4. Ní deonfar aon deontas fén Acht,

(a) más gabháltas talmhaíochta no féaraigh no gabháltas talmhaíochta agus féaraigh an talamh go bhfuiltear chun an deontais a chaitheamh uirthe, mara mbeidh an duine le n-a bhfuiltear chun an deontais do dheona i seilbh na talmhan san tré sheilbh nách lugha ná tionóntacht o bhliain go bliain no mara mbeidh deimhniú réasúnta aige a shásóidh an tAire go bhfanfa sé féin agus a chomharbaí i seilbh na talmhan san gan éinne do chur isteach ortha, no

(b) i gcás nách aon ghabháltas den tsórt a luaidhtear sa mhír sin roimhe seo an talamh go bhfuiltear chun an deontais do chaitheamh uirthe, mara mbeidh deimhniú réasúnta a shásóidh an tAire ag an duine le n-a bhfuiltear chun an deontais do dheona go bhfanfa sé féin agus a chomharbaí i seilbh na talmhan san gan éinne do chur isteach ortha.

5. Ní deonfar aon deontas fén Acht mar chabhair chun oibre do dhéanamh ar thalmhain go mbeidh imeachta dlí ar feitheamh ina taobh fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh Coimisiún Talmhan na hEireann a chur in iúl don Aire ná beidh déanamh na hoibre sin codarsnach ná buiniscionn le haon athshocrú no athdhíol talmhan fé sna hAchtanna san.

6. Ní deonfar aon deontas fén Acht mar chabhair chun tighe chomhnuithe, cró cearc ná cró muc d'fheabhsú ná do mhéadú maran dó leis an Aire go ndéanfaidh an feabhsú no an méadú san atharú mór i ndéanmhas no go gcuirfe sé breis mhór le déanmhas an tighe chomhnuithe, an chró chearc, no an chró mhuc san (do réir mar bheidh).

7. Ní deonfar aon deontas fén Acht do dhuine ar bith mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh an duine sin a chruthú do chigire go bhfuil ar a chumas an obair, gur mar chabhair chun a déanta d'iarr sé an deontas san, do dhéanamh agus do chríochnú do réir na Rialachán so.

8. Ní raghaidh méid deontais fheabhsúcháin fén Acht thar leath mhéide an chostais, fé mar mheasfaidh cigire é, a bheidh ag baint leis an obair gur mar chabhair chun a déanta deonfar an deontas san.

9. Déanfaidh an tAire, o am go ham, chun crícheanna na Rialachán so riail-phleananna do thabhairt amach chun tithe chomhnuithe, cróite cearc, agus cróite muc go ndeontar deontaisí fén Acht mar chabhair chun a dtógála do bheith de chrót agus de dhéanamh a bheidh do réir na Rialachán so.

10. Gach tigh comhnuithe, cró cearc agus cró muc go ndeonfar deontas fén Acht chun a thógála, tógfar é chó fada agus théigheann a chrót agus a dhéanamh, do réir

(a) riail-phlean, no

(b) riail-phlean go n-atharuithe a ceadótar fé láimh chigire, no

(c) plean a ceadófar fé láimh chigire.

11. Gach feabhsú no méadú déanfar ar thigh comhnuithe, ar chró cearc no ar chró muc go ndeonfar deontas fén Acht chun a thógála, déanfar é chó fada agus théigheann a chrót agus a dhéanamh, do réir plean a ceadófar fé láimh chigire.

12. Déanfaidh an tAire, o am go ham, chun crícheanna na Rialachán so riail-áireamhachtaí ar cheárdúlacht agus ar abhair do thabhairt amach, riail-áireamhachtaí cólíonfar i ndéanamh oibre go ndeonfar deontas fén Acht mar chabhair chun a déanta.

13. Gach obair (pe'ca tógáil, feabhsú, no meadú é) go ndeonfar deontas fén Acht mar chabhair chun a déanta, déanfar í, chó fada agus théigheann ceárdúlacht agus abhair, do réir

(a) riail-áireamhachtaí, no

(b) riail-áireamhachtaí go n-atharuithe a ceadófar fé láimh chigire, no

(c) áireamhachtaí a ceadófar fé láimh chigire.

14. Gach tigh comhnuithe, cró cearc agus cró muc go ndeonfar deontas fén Acht mar chabhair chun a thógála tógfar é ar an ionad a hordófar no a ceadófar fé láimh chigire agus, i gcás tighe chomhnuithe tógfar é ar an ionad san i slí go leigfear an méid is mó is féidir de sholas dhíreach na gréine isteach in oiread de sna seomraí agus is féidir é.

15. Gach tigh comhnuithe go ndeonfar deontas tógála fén Acht mar chabhair chun a thógála déanfar é i slí go mbeidh fuinneog no fuinneoga i ngach seomra dhe nách lugha an t-achar gloine no iomlán an achair ghloine inte no ionta ná an deichiú cuid d'achar urláir an tseomra san.

16. Gach fuinneog i dtigh comhnuithe go ndeonfar deontas tógála fén Acht mar chabhair chun a thógála déanfar í i slí go bhféadfar a leath ar a laighead d'oscailt.

17. Féadfaidh falla tighe chomhnuithe atá ann cheana bheith mar fhalla teorann ag tigh comhnuithe go ndeonfar deontas tógála fén Acht mar chabhair chun a thógála ach ní bheidh aon chuid eile d'fhoirgneamh atá ann cheana ina chuid de, ach amháin le cead fé láimh chigire.

18. Gach tigh comhnuithe go ndeonfar deontas tógála fén Acht mar chabhair chun a thógála beidh a leithéid sin de chrot agus de dhéanamh air go mbeidh in iomlán an achair urláir a bheidh ann, agus é tomhaiste laistigh d'fhallaí na seomraí go léir,

(a) i gcás an deontais thógála san do bheith chó mór le ceithre fichid púnt, cúig céad caoga ar a laighead de throithe ceárnacha, no

(b) i gcás an deontais thógála san do bheith níos lugha ná ceithre fichid púnt, pé achar a ceadófar fé láimh chigire ag féachaint do chun méid an deontais sin.

19. Iocfar gach deontas fén Acht i pé méid tráthchuid ordóidh an tAire ach ní híocfar aon deontas tógála (ar a n-áirítear deontaisí eile deonfar ina theanta) i níos mó ná trí tráthchoda agus ní híocfar aon deontas feabhsúcháin (ar a n-áirítear deontaisí eile deonfar ina theanta), deontas chun cró cearc do thógáil, deontas chun cró cearc d'fheabhsú, deontas chun cró muc do thógáil ná deontas chun cró muc d'fheabhsú i níos mó ná dhá thráthchuid.

20. Ní híocfar aon tráthchuid de dheontas fén Acht ach ar dheimhniú agus do réir deimhnithe chigre ag deimbniú méid na tráthchoda san agus an duine no na ndaoine le n-a bhfuil an tráthchuid sin iníoctha.

21. Ní bheidh aon tráthchuid d'aon deontas chó mór san gur mó an tráthchuid sin, maraon le gach tráthchuid (más ann do) den deontas san do híocadh roimhe sin, i gcompráid le méid iomlán an deontais sin maraon leis an iasacht (más ann di) ina theanta san, na luach na hoibre (fé mar a mheasfaidh cigire é) bheith déanta ar dháta dheimhnithe na tráthchoda san, i gcompráid le luach iomlán na hoibre (ar n-a meas ar an slí gcéanna) gur ina taobh a deonfar an deontas.

22. Ní thabharfaidh cigire deimhniú uaidh chun tráthchuid de dheontas d'ioc mara gcruthuítear do gur cólíonadh na Rialacháin seo (chó fada agus bhainid leis an gcás) i ndéanamh na hoibre gur ina taobh a tugtar an deimhniù san.

23. Is i bpùint iomlána híocfar tráthchoda deontaisí, ach amháin an tráthchuid dheireannach no an tsuim le chéile.

24. I gcás ina ndeimhneoidh cigire nár deineadh an obair gur mar chabhair chun a déanta a cheaduigh an tAire deontas fén Acht do chríochnù chun a shástachta laistigh den am a cheap an tAire chuige sin no laistigh de pé faidiù réasùnta ar an tréimhse sin a lomhálfaidh an tAire no, i gcás ná ceaptar aon am amhlaidh, laistigh d'am is dó leis an Aire do bheith réasùnta, féadfaidh an tAire an méid den deontas a bheidh gan íoc a choinneáil siar no a laigheadù.

25. Is ar Fhuirm Uimh. 1 sa Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin seo a déanfar gach iarratas ar dheontas fén Acht agus tabharfar ann gach eolus a héilítear sa bhFuirm sin a thabhairt ann agus déanfar é do sheachada don Rùnaí, Brainse na dTithe (Gaeltacht), Roinn Tailte agus Iascaigh, Baile Atha Cliath, no é do chur chuige tríd an bpost.

26. Gach deimhniù do sna Coimisinéirí go bhféadfar iasacht do dheona fén Acht, is ar Fhuirm Uimh. 2 sa Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin seo bheidh sé agus sighneoidh oifigeach don Aire thar ceann an Aire é, oifigeach a bheidh de thurus na huaire ar ainmliost, ullamhóidh an tAire le ceadù an Aire Airgid, d'oifigigh a hùdaruítear chun deimhnithe den tsaghas san do shighniù amhlaidh.

27. Ní déanfar deimhniù do sna Coimisinéirí go bhféadfar iasacht do dheona fén Acht do thabhairt amach mara gcruthuítear don Aire an scéal do bheith ar a leithéid sin de chuma ag an té gheobhaidh an iasacht san gur dócha go mbeidh ar a chumas an iasacht d'aisíoc.

Tugtha fém Shéala Oifige an 24adh

lá d'Fheabhra, 1931.

(Sighnithe), FIONÁN Ó LOINGSIGH, Aire Tailte agus Iascaigh.

Toilím leis seo chun na Rialachán san roimhe seo. (Sighnithe), EARNÁN DE BLAGHD

Aire Airgid.

FUIRM UIMH. I.

SCEIDEAL.

FUIRM IARRATAIS.

ACHT NA DTITHE (GAELTACHT), 1929.

Contae........................ Togh-Roinn Cheanntair .............................. Don Rùnaí,

Brainse na dTithe (Gaeltacht), An Roinn Tailte agus Iascaigh, Baile Atha Cliath.

Cuir isteachd'ainm agus do shloinne in íomlán.

Deinim-se............................................................ ........................................ as............................................................ .................................................... leis seo an méid seo leanas d'iarraidh fén Acht:—

Buail amach aon cheann de sna hítimí Uimh. l go 6 nách gá.

I. Deontas £.............. agus iasacht £..............
2. Deontas £.............. agus iasacht £..............

chun an tighe chomhnuithe atá, agam anois d'fheabhsù, tigh

atá neamh-oiriúnach ar an staid ar a bhfuil sé fé láthair chun

cóiríocht cheart shláintiùil do thabhairt dom féin agus dom

chùram .

3. Deontas £.............. agus iasacht £.............. chun cró nua cearc do thógáil.
4. Deontas £.............. agus iasacht £.............. chun an chró chearc atá, agam d'fheabhsù.
5. Deontas £.............. agus iasacht £.............. chun cró nua muc do thógáil.
6. Deontas £.............. agus iasacht £.............. chun an chró mhuc atá agam d'fheabhsù.

Tá ........................... seomra sa tigh comhnuithe atá anois agam agus............................. fear,...........................buachaill, .......................ban agus........... " ........... cailín ina gcomhnaí sa tigh (.....................................ar fad).

Ag seo síos cùntas ar mo ghabháltas:—

Baile fearainn ....................................... Barùntacht............................................. An méid talaimh atá sa ghabháltas ....................... acra ..................... ród ..................... péirse. An meas atá curtha air fé Dhlí na mBocht £............................................................ ....

MA TA DO GHABHALTAS CEANNUITHE AGAT NO MA TA TU AR TI E CHEANNACH CUIR SIOS:

Ainm an Estáit............................................................ .................................. Uimhir an Orduithe atá agat ó Choimisiùn na Talmhan..................................................... An méid íocann tù leis an gCoimisiùn in agha na bliana, £............................................................ ................

MAS TIONONTA THU CUIR SIOS:

Ainm an Tiarna Talmhan............................................................ .......................... A sheola............................................................ ................................. Cíos bliantùil, £............................................................ ................................ .. Tionóntacht (sé sin, ó bhliain go bliain, féléas,etc.)............................................................ .....

Más seilbh d'aon tsaghas eile atá agat ar an ngabháltas no má tá aon ghabháltas eile agat abair cadé an tseilbh no an gabháltas é............................................................ ............................................................ ............................................................ .............................................

Abair cadé an méid abhar, oibre no airgid a thabharfá mar chabhair i ndéanamh na dtithe no na n-oibreacha atá beartuithe............................................................ ............................................... Abair má tá cró cearc agat no cró muc, no iad araon, agus má tá, cadé an bhail atá ortha. . . . . . .. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Abair an í an Ghaedhilg a bhíonn mar theangain theaghlaigh ag do líntighe de ghnáth ................................

Mara bhfuil tù ag iarraidh conganta ach le hagha cró cearc no cró muc scrios amach an mhír seo.

Dearbhuím nár tugadh deontas airgid ar bith as airgead puiblí le hagha mo thighe chomhnuithe ón 20adh lá de Mhí na Nodlag, 1922.

Má géilltear don iarratas so beidh ar mo chumas na hoibreacha atá luaidhte thuas do dhéanamh agus iad do chríochnù fé cheann. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . seachtain ón lá cuirfear in iùl dom an deontas airgid sin do bheith le fáil agam.

Maran mian leat an congamh so d'fháil scrios amach an mhír seo.

Iarraim congnamh chun na n-abhar san d'fháil a bheidh orm a cheannach le hagha na n-oibreacha a bhfuilim ag iarraidh an chonganta chun a ndéanta agus iarraim ort-sa socrù do dhéanamh ar mo shon maidir leis na habhair sin do sholáthar agus tógaim orm féin na habhair d'ordù on gConnrathóir, agus ar na téarmaí, a shocróidh tusa.

Sighnithe.................................................
Dáta........................

Do chuir an t-iarratasóir a lámh leis seo am' fhianaise agus deimhním gur cùntas fíor an cùntas atá tugtha aige uaidh

chó fada lem' chuid-se eolais agus lem' thuairim.

Sighniù .................................................
Seola ...................................................
Gairm beatha ............................................
Dáta ......,..........................................

FUIRM UIMH. 2.

SCEIDEAL.

Uimhir Thagartha an

Deontais Thógála no an

Deontais Fheabhsùcháin

} ............................................................ .............

ACHT NA DTITHE (GAELTACHT), 1929 . DEIMHNIÚ CHUN IASACHTA DO DHEONA FÉ ALT 8.

DO CHOIMISINEIRI NA NOIBREACHA PUIBLI IN EIRINN:

DE BHRÍ gur ùdaruigh an tAire Tailte agus Iascaigh, do réir fhorálacha an Achta luaidhtear thuas, deontas...................................... bpùnt (£  ) do dheona do.................................... as ............................................................ ........ i gContae ........................................agus gur deimhin leis go bhfuil an scéal ar a leithéid sin de chuma ag an........................ sin nách féidir do, gan a thuille congnaimh airgid, na hoibreacha do dhéanamh gur mar chabhair chùcha deonadh an deontas san do

ANOIS deimhníonn an tAire Tailte agus Iascaigh sin leis seo go bhféadfar iasacht ................ bpùnt (£ ) do dheona don................ sin mar chabhair chun costais ........................................... (Cuir isteach anso tuairisc ar na hoibreacha atá beartuithe)

............................................................ ......ar an ngabháltas atá aige, ar a dtugtar anso thíos tuairisc, maille le tuairisc ar thionóntacht an duine sin ann.

Dáta ........................

Thar ceann an Aire Tailte agus Iascaigh.

............................................................ ............................................

TUAIRISC AR AN NGABHÁLTAS AGUS AR AN TIONÓNTACHT,

Contae ..........................
a. r. p.
Achar ........................... Estát ..................................................
Baile fearainn .................... Barùntacht .........................................

Iocaíocht bhliantùil le Coimisiùn Talmhan na hEireann. Blianacht £

Us £       Iocaíocht in ionad Cíosa £

Cíos is iníochta leis an Tiarna Talmhan £



BAILII: Copyright Policy | Disclaimers | Privacy Policy | Feedback | Donate to BAILII
URL: http://www.bailii.org/ie/legis/num_reg/1931/0043.html